Comórtas Gearrscéalaíochta Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne 2025
Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas seo próifíl na féile a ardú, agus gearrscéalta ficsin nár foilsíodh cheana a aimsiú.
Duaiseanna
An Chéad Duais sa dá chomórtas – €500
Iad siúd a thagann sa dara háit sa dá chomórtas – €250
An 3ú Duais sa dá chomórtas - €100
Chomh maith leis sin, foilseoimid saothair na mbuaiteoirí ar shuíomh na féile chomh maith le saothair na ndaoine a thagann sa dara háit , agus foilseoimid sliocht as an ngearrscéal buacach i mbróisiúr na féile. Tabharfar cuireadh do na buaiteoirí teacht chuig Féile Liteartha Chorca Dhuibhne 2025 chun cuid dá saothair a léamh is a roinnt linn.
Is féidir cur isteach ar an gcomórtás ó Dé hAoine, an 1 Nollaig 2024. An dáta deiridh d’iontrálaithe: an 28 Feabhra 2025
Cuirfimid fáilte roimh scéalta i mBéarla agus i nGaeilge.
Ní mór an gearrscéal a iontráiltear a bheith neamhfhoilsithe agus gan a bheith sceidealta lena fhoilsiú i gcló ná ar líne. Áirítear leis sin blaganna pearsanta agus bailiúcháin fhéinfhoilsithe. Cuir in iúl dúinn láithreach má thagann athrú ar seo ach ríomhphost a sheoladh chuig shortstory@dinglelit.ie
Moltóirí
Na moltóirí a bheidh againn i mbliana ná John Patrick McHugh a bheidh ag déanamh moltóireacht ar na gearrscéalta béarla, agus ‘sí Éilís Ní Dhuibhne a dhéanfaidh moltóireacht ar na gearrscéalta gaeilge.
Is é John Patrick McHugh údar an chnuasaigh gearrscéalta Pure Gold. Foilsóidh 4th Estate a úrscéal nua ‘Fun and Games’ i 2025. Bhí cuid dá shaothair le feiscint in The Stinging Fly, Winter Papers, Banshee, The Tangerine agus Granta, agus craoladh a thuilleadh ar BBC Radio3. Is é an t-eagarthóir ficsean don iris Banshee.
Is úrscéalaí agus gearrscéalaí í Éilís Ní Dhuibhne a scríobhann i mbéarla agus i ngaeilge. Tá breis agus cúig leabhar is fiche scríobhte aici,a beathaisnéis Twelve Thousand Days ina measc , chomh maith le The Dancers Dancing a bhuaigh an Orange Prize for Fiction. D’fhoilsigh Dalkey Archive Press a cnuasach gearrscéalta Selected Stories i 2017. Is ball í don Aosdána ó 2004, is ambasadóir í do Áras Scríbhneoirí na hÉireann, agus tá sí ina huachtarán ar An Cumann le Bealoideas Éireann.
TREOIRLÍNTE IONTRÁLA (Molta)
1. Tá an comórtas oscailte do scríbhneoirí a rugadh in Éirinn (Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann), ar saoránaigh Éireannacha iad nó a bhfuil cónaí orthu sa tír.
2. Ní ceadmhach iontrálacha a bheith foilsithe ná craolta in aon mheán faoin dáta a cuireadh isteach iad.
3. Ní mór iontrálacha a chlóscríobh, clómhéid 12pt, dubh, le spásáil dhúbailte, agus a bheith aontaobhach (A4) le huimhreacha ar na leathanaigh.
4. Is é 3,000 focal an t-uasmhéid focal d’iontrálacha.
5. Seol do cháipéis Word chughainn trí ríomhphost a sheoladh chuig shortstory@dinglelit.ie
6. Ní féidir le haon iontrálaí níos mó ná scéal AMHÁIN a chur isteach.
7. Chun anaithnideacht a chinntiú, ná scríobh d’ainm ná aon sonraí pearsanta eile ar an gcáipéis. Féach na treoracha thíos.
8. Má chuirtear d’iontráil ar an bhfadliosta nó ar an ngearrliosta do chomórtas eile nó má thairgtear foilseachán duit tar éis duit cur isteach ar Comórtas Gearrscéalaíochta Fhéile Liteartha Chorca Dhuibhne , ní mór duit sinn a chur ar an eolas láithreach trí ríomhphost a sheoladh chuig shortstory@dinglelit.ie
9. Ba chóir go mbeadh litir chumhdaigh ar leathanach ar leith chun anaithnideacht a chinntiú. Féach na treoracha thíos.
10. Cuir d’ainm, do sheoladh, d’uimhir theileafóin agus do sheoladh ríomhphoist isteach ar leithligh faoin gceannteideal
11. Ní mór táille €15 a bheith ag gabháil le d’iontráil. Ní chuirfear iontrálacha gan an táille san áireamh. Clúdaíonn fáltais an chomórtais riar na nduaiseanna.
12. Is féidir íocaíocht a dhéanamh trí PayPal ar shuíomh gréasáin na féile.
13. Ní ghlacfar le scéalta arna nginiúint ag an Intleacht Shaorga. Ní ghlacfar le neamhfhicsean, aistí, cuimhní cinn, úrscéalta grafacha ná filíocht.
14. Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh na moltóirí. Ní féidir aon aiseolas eagarthóireachta a chur ar fáil do scéalta.
15. Do bhuaiteoirí agus dóibh siúd a thagann sa dara agus sa tríú háit amháin a chuirfear toradh an chomórtais in iúl go díreach.
16. Coinnigh súil ar shuíomh gréasáin na féile, dinglelit.ie/shortstory chun fógra an toraidh a fheiceáil, nó cláraigh dár nuachtlitir.
17. Ní fhreagróidh na moltóirí aon chomhfhreagras maidir lena gcinneadh.
18. Forchoimeádann Féile Liteartha Chorca Dhuibhne an ceart aici féin cibé iontrálacha a meastar a bheith cuí a roghnú lena bhfoilsiú in aon bhliain.
19. Ní féidir scéalta a athrú ná scéalta nua a chur isteach ina n-ionad tar éis a n-iontrála.
20. Trí chur isteach ar an gcomórtas, tá tú ag glacadh le rialacha an chomórtais.
21. Is leis an údar an cóipcheart i gcónaí, ach toilíonn gach údar, agus a gcuid scéalta á gcur isteach acu, go bhféadfadh Féile Liteartha Chorca Dhuibhne scéalta fadliostaithe a fhoilsiú ar líne agus i gcló.
Treoracha
Ceangaltán 1: an scéal le cur isteach i bhformáid Ms Word. Ós rud é go ndéantar moltóireacht anaithnid ar an gcomórtas, iarraimid ort gan d’ainm ná do shonraí pearsanta a scríobh áit ar bith ar an doiciméad seo.
Ceangaltán 2: litir chumhdaigh (doiciméad téacs ar leith ceangailte leis an ríomhphost céanna, ní i gcorp an ríomhphoist). Ba chóir go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh sa litir chumhdaigh:
D’ainm
Teideal an scéil
Seoladh ríomhphoist
Ríomhphost a bhaineann le do chuntas PayPal (murab ionann é agus do sheoladh ríomhphoist teagmhála)
Uimhir fóin
Seoladh poist
Íomhá den admháil PayPal nó uimhir aitheantais an idirbhirt PayPal
Conas a chuala tú faoin gcomórtas
Beathaisnéis ghairid (roghnach)
Ní ceadmhach d’ainm a bheith in áit ar bith ar an ngearrscéal atá curtha isteach agat. Má tá, dícháileofar d’iontráil go huathoibríoch (ní aisíocfar thú ná ní chuirfear in iúl duit más amhlaidh atá, mar sin déan seiceáil faoi dhó ar d’iontráil sula n-uaslódálann tú é.)
Beifear ag glacadh le hiontrálacha ó Dé hAoine, an 1 Nollaig 2024 go dtí meán oíche ar an 28 Feabhra 2025.





