Tionscadal Clár Gaeilge

Tá Féile Liteartha Chorca Dhuibhne 2025 ag earcú duine le haghaidh saorchonradh ar bhonn páirtaimseartha chun tabhairt faoi thionscadal chun clár imeachtaí Gaeilge níos leithne a sholáthar le linn na Féile, a thitfidh amach an 21– 23 Samhain. Cuirfear tús leis an ról féinfhostaithe ag tosú Meitheamh, 2025.

Tabharfar faoin tionscadal i gcomhar le Fochoiste an Chláir Gaeilge (FCG), agus é dírithe ar cheithre bhunchuspóir:

  1. Eolas a fháil ó fhoilsitheoirí Gaeilge (agus ó fhoilsitheoirí dátheangacha) maidir le foilseacháin a thiocfaidh amach in 2025 chun údair fhéideartha a aimsiú d’imeachtaí. Údair agus imeachtaí a bheidh le moladh don Choiste Eagrúcháin (CE) i gcomhair cinneadh deiridh a aontú leis an FCG .
  2. I gcomhar leis an FCG, ábhair agus teagascóirí do cheardlanna scríbhneoireachta féideartha a shainaithint, agus aontú ar mholtaí le cur faoi bhráid an CE i gcomhair cinneadh deiridh.
  3. Na próisis eagrúcháin is gá chun údair agus teagascóirí a earcú a bhainistiú agus a chomhordú, chun a chinntiú go bhfreastalóidh siad ar an bhféile.
  4. Cur le feachtais ar na meáin shóisialta a mheallfaidh lucht féachana agus rannpháirtithe.

Is é sprioc fhoriomlán an tionscadail deich n-imeacht le húdar a reáchtáil, ar a n-áirítear dhá imeacht do leanaí/do dhaoine óga, agus dhá cheardlann scríbhneoireachta.

Is tionscadal é seo do dhuine a bheadh compordach a bheith ag obair as a stuaim féin sa bhaile. Déantar an obair riaracháin le Microsoft Word agus Excel, Dropbox agus ríomhphost. Chuige sin, is gá a bheith ar do chompord leis na huirlisí sin.

Fáiltímid roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil Gaeilge agus Béarla ar a dtoil acu, idir scríobh agus labhairt.

Scileanna Riachtanacha:

  • A bheith in ann córais nua ar líne a láimhseáil agus cur amach a fháil orthu gan stró.
    • sh. Dropbox
  • Tá scileanna MS Office bunriachtanach.
  • Aird ar mhionsonraí agus modh oibre loighciúil.
  • A bheith in ann cumarsáid a dhéanamh go héasca le daoine eile.

Cabhróidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi le dualgais, lena n-áirítear na nithe a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:

  • Cruinnithe d’Fhochoiste an Chláir Gaeilge a ghlaoch agus freastal orthu, chomh maith le cathaoirleacht a dhéanamh orthu.
  • Tuairisciú don CE ar dhul chun cinn an tionscadail ar bhonn míosúil.
  • Ábhar beathaisnéise agus íomhánna na n-údar a iarraidh ó fhoilsitheoirí don fhoireann margaíochta
  • A bheith ag obair ar an láthair ar thrí lá le linn na féile: an 21 – 23 Samhain

Beidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi ag obair sa bhaile sa phost seo, agus beidh saoirse aige nó aici a c(h)uid uaireanta oibre a eagrú de réir a sceidil féin. Measaimid gurb ionann an obair a theastaíonn ó mhí Meitheamh go deireadh mhí na Samhna agus 18 lá, lena n-áirítear trí lá ag an bhféile féin. Is é €160 an ráta in aghaidh an lae, agus íocfar sin go míosúil i riaráiste ach sonraisc a chur isteach.

Chun iarratas a dhéanamh, seol CV agus litir chlúdaigh chuig Hannah ag director@dinglelit.ie faoi 17:00, Dé hAoine, an 22 Bealtaine.

Féile Liteartha Chorca Dhuibhne / Dingle Literary Festival 2025 is inviting applications for a freelance, part-time contract to undertake a project that aims to deliver an expanded Irish language programme at the festival on 21 – 23, November. The self-employed role will start in June 2025

Working with the Irish Programme subcommittee (IPS), the project is focused on four main objectives:

  1. Soliciting information from Irish language (and bilingual) publishers about their 2025 publications to identify authors for potential events. Agreeing with the IPS the authors/events to be recommended to the Organising Committee (OGC) for final decisions.
  2. With the IPS identify topics and tutors for potential writers’ workshops and agreeing which to recommend to the OGC for final decisions.
  3. Manage and coordinate all logistical processes required to recruit authors and tutors, ensuring their participation in the festival.
  4. Contribute to the social media campaigns designed to attract audiences and participants.

The overall objective of the project is to secure 10 author events, including a minimum of two for children/youths, and two writers’ workshops

This project will appeal to someone comfortable working on their own initiative and from home. The administration is undertaken using Microsoft Word and Excel, Dropbox and email, so skill with these tools is a requisite.

We welcome applications from candidates who are fluent in both Irish and English, spoken and written.

Essential Skills:

  • An ease of working with and learning new online systems.
    • g. Dropbox
  • MS Office Skills are essential.
  • Attention to detail with a logical way of working.
  • Ability to communicate easily with others.

The successful candidate will assist in duties including but not limited to:

  • Convening, attending, and chairing regular meetings of the Irish Programme subcommittee.
  • Reporting monthly to the OGC on project progress.
  • Sourcing author bios and imagery from publishers for the marketing team
  • Work on-site for the three days of the festival 21-23 November

This is a work-from-home position, and the successful candidate will be free to organise their working hours to suit their schedule. Across the period from June to the end of November we estimate that the work is equivalent to 18 days, including three days at the festival. The day rate is €160 and will be paid monthly in arrears on submission of invoices.

To apply, please send a CV and cover letter to Hannah at director@dinglelit.ie by Friday, 22 May at 17:00.