Crainn agus Toir-Máirín Uí Chonchubhair

8:12pm | Thu 27 Jun 2024

‘Crainn agus Toir- Cur síos cuimsitheach ar chrainn agus ar thoir in Éirinn’. Tá comhairle agam daoibh-ceannaigh an leabhar seo!

Seod de leabhar atá anseo, nó fiú bíobla ó thaobh an nádúir de. Tá tríocha bliain dá saol caite ag an údar ag plé leis an leabhar seo, agus bheadh tríocha bliain nó níos mó ag teastáil uaimse chun gabháil tríd i gceart, tá an oiread san eolais ann!

Is luibheolaí í Máirín Uí Chonchubhair, agus ba mhúinteoir eolaíochta í chomh maith. I 1995 foilsíodh a céad leabhar ‘Flóra Chorca Dhuibhne’.  Deir sí fhéin i réamhrá ‘Crainn agus Toir’ gur caitheamh aimsire taitneamhach a bhí aici feadh a saoil ná ag spaisteoireacht i bpáirceanna poiblí agus i bhfáschoillte ar thóir crann agus tor nach raibh feicithe cheana aici, agus ag tógaint pictiúirí dhóibh. Tá na pictiúirí san le feiscint sa leabhar, agus iad ana chabhrach ar fad.

Tá eolas sa leabhar seo a bheadh oiriúnach do dhaltaí ollscoile, nó do dhaoine a bheadh ag plé leis an eolaíocht agus an nádúr go profisiúnta, garraíodóirí, do leanaí bunscoile, agus tá eolas anseo don ngnáthdhuine ar nós mé fhéin ná beadh fhios an oiread san acu fé chrainn nó toir.

Tá a taithí múinteoireachta mar áis mhór di sa tslí ina bhfuil an t-eolas ar fad curtha ós ár gcomhair aici, é briste síos i rannóga éagsúla mar seo mar shampla; Saintréithe na gCrann- duille, bachlóg, bláth, toradh, cúinsí fáis, galair, lotnaidí, tairbhí/úsáid agus seanchas.

An raibh fhios agat go bhfuil boladh snasán bróg ón nduilleog atá ag an ngallchnó má brúitear í, agus go bhfágann sí smál donn ar an gcraiceann? Nó go ndein Liam O’Neill babhla as ghéag den gcrann gallchnó ba mhó sa tír ach a leag gála é in Eanáir 2005, agus go mbronn an Taoiseach Bertie Ahern an babhla san ar an nDr. Ian Paisley nuair a bhí cainteanna ar bun ag iarraidh tranglam an Tuaiscirt a réiteach. ‘Babhla na Síochána’ a tugadh ar an mbabhla áirithe san agus deirtear go raibh tábhacht ar leith aige le toradh dearfach na gcainteanna san. Bhuel, tá an t-eolas seo ar fad, agus níos mó, sa leabhar!

Is breá liomsa píosaíocha eolais mar sin, bheadh níos mó spéise ag daoine eile b’fhéidir i Saintréithe na gCrann nó i Scéal an Domhain, ábhar eile atá clúdaithe go mion ag an údar. Tá na haon ní sa leabhar seo, agus an t-eolas go léir curtha i láthair i slí mealltach don léitheoir.

Sagart ón bhFrainc, Pére Charles Plumier (1646-1704), a fuair fiúise nó deora Dé don gcéad uair, agus é ag fiach sa Phoblacht Dhoiminiceach. Déanadh an chéad tagairt don bhfiúise i gCiarraí i 1857! Beidh ort an leabhar a cheannach chun níos mó fén bhfiúise a léamh!

Nuair atá Máirín Uí Chonchubhair ag trácht ar Shaileoga, insíonn sí Scéal an tSailghréasa, pátrún atá ar phlátaí nó cupáin in ana chuid tithe in Éirinn. Tá gach aon rud a bhaineann le crainn agus toir in Éirinn luaite ag an údar; eolas eolaíochta, logainmneacha a thagraíonn do chrainn agus toir, tagairtí i scéalta Fiannaíochta, dánta agus amhráin ina measc.

Mholas daoibh an leabhar seo a cheannach, an tarna moladh atá agam daoibh ná gan é a chur ar an seilf, bíodh sé ar fáil sa chistin nó sa tseomra suite agus tarraing chughaibh é nuair is féidir. Baineann braistint aoibhinn leis an bhfoghlaim, go háirithe nuair is foghlaim gan dua é, mar atá sa chás seo le ‘Crainn agus Toir’.

Tá an leabhar seo foilsithe ag https://dinglepublishing.com/ agus tá sé ar fáil chomh maith ó An Caifé Liteartha sa Daingean agus ó Shiopa Leabhar an Daingin https://dinglebookshop.com/

Edel Ní Loibhéad