An Ghaelainn i lár an aonaigh

6:44am | Thu 2 Nov 2023

An Ghaelainn i lár an aonaigh i bhféile liteartha Chorca Dhuibhne 2023!

San alt seo, díreoidh Pádraig Ó hAiniféin ar dhá imeacht ar leith as Gaelainn a bheidh ar siúl i rith an lae ar an Satharn in Ionad an Bhlascaoid agus gur fiú go mór freastal orthu.

An chéad imeacht is ea Filíocht agus Comhrá le Dairena Ní Chinnéide, Zlata Filipović & an tOllamh Rióna Ní Fhrighil. Mar chuid den imeacht dátheangach seo beidh an tOllamh Rióna Ní Fhrighil, Ceann Roinne na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe agus saineolaí ar chúrsaí filíochta i mbun cainte leis an bhfile áitiúil Dairena Ní Chinnéide agus an file Zlata Filipović ó Bhosnia. Díreoidh an plé ar ról na filíochta agus na litríochta trí chéile le linn cogaí agus géarchéimeanna. Díreoidh an plé go háirithe ar dhánta a scríobhadh le linn chogadh Bhosnia agus léifidh Daireana Ní Chinnéide dánta Bosniacha ón am seo a d’aistrigh file Duibhneach eile Nuala Ní Dhomhnaill go Béarla agus Gaelainn, dánta an fhile Ferida Duraković ina measc. Déanfar plé agus cíoradh ar thionchar agus tábhacht na ndánta seo leis an scríbhneoir Bosniach Zlata Filipović a scrígh an leabhar Zlata’s Diary: A Child’s Life in Sarajevo dialann a chuireann síos ar an saol i gcathair Sarajevo agus é faoi léigear, trí shúile an linbh. Imeacht eisceachtúil agus fíor-shuimiúl a bheidh san imeacht seo agus is fiú go mór freastal air. Beidh sé ar siúl ar an Satharn in Ionad an Bhlascaoid ag tosnú ar 15:00.

Is fiú go mór fanacht san ionad tar éis an imeachta seo mar go mbeidh imeacht iontach eile ar siúl díreadh ina dhiaidh ag tosnú ar 16:00. Cuirfidh an scríbhneoir agus craoltóir Cathal Poirtéir a leabhar nua An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair (Cló Iar-Chonnacht) i láthair, leabhar neamhfhicsean ina ndéantar cur síos ar mar a chaith an tiarna talún George Hill le muintir Ghaoth Dobhair le linn na naoú haoise déag, go háirithe le linn an ghorta mhóir. Tá Cathal i mbun taighde ar an ábhar seo le 5 bliana anuas agus an cuntas fíor-shuimiúil seo scríobhta aige anois dá bharra.

Is craoltóir agus scríbhneoir é Cathal Póirtéir go bhfuil ana chur amach aige ar an nGorta Mór. Bhí sé ina eagarthóir ar leabhair bunaithe ar an ábhar seo ar nós Glórtha ón Ghorta agus Gnéithe den Ghorta (Coiscéim). Bhí an-ráchairt ar a leabhair i mBéarla The Great Irish Famine (Mercier), agus Famine Echoes (Gill and Macmillan). Is saineolaí béaloidis é chomh maith agus d’fhoilsigh Coiscéim a thráchtas MA ar Mhicí Sheáin Néill, scéalaí agus scéalta. Beidh an t-údar fíor-oilte, eolgaiseach seo i mbun comhrá le hÉilís Ní Dhuibhne agus é ag cur síos ar an leabhar is déanaí óna pheann, leabhar fíor-shuimiúil, go háirithe don dté go bhfuil suim acu sa stair.

Tá an dá imeacht eisceachtúil, iontach seo saor in aisce ach moltar ticéad a chur in áirithe ar dinglelit.ie. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir leis na himeachtaí seo maraon le himeachtaí uile na féile ar an suíomh céanna.