Imeachtaí Gaelainne do dhaoine óga

4:42pm | Tue 31 Oct 2023

Ní fada uainn féile liteartha na bliana seo. Is í seo an chúigiú bhliain ar an bhfód ag an bhféile liteartha, féile a dhéanann ceiliúradh ar litríocht as Béarla agus as Gaelainn. Beidh féile liteartha Chorca Dhuibhne ar siúl in ionaid éagsúla timpeall Bhaile an Daingin maraon le hIonad an Bhlascaoid i nDún Chaoin ón Aoine an 17ú Samhain dtí an nDomhnach an 19ú. Díreoidh Pádraig Ó hAiniféin san alt seo ar imeachtaí Gaelainne na bliana seo do dhaoine óga.

Cuirfear tús le himeachtaí Gaelainne na féile do dhaoine óga maidin Shathairn in Ionad an Bhlascaoid ar 11 a chlog le maidin de scéalaíocht agus spraoi leis an gcraoltóir Sinéad Ní Uallacháin agus Nadia Dobrianska, Úcránach go bhfuil Gaelainn líofa aici. Bainfidh leanaí taitneamh as amhráin, scéalta agus ceol as Gaelainn agus as Úcráinis leis. Ócáid dheas chun deis a thabhairt do leanaí teangacha a chéile a chlos agus an nasc eadrainn a neartú agus a cheiliúradh. Is ar leanaí óga faoi bhun 8 mbliana d’aois atá an t-imeacht seo dírithe.

Beidh imeacht do leanaí idir 8 mbliana agus trí bliana déag d’aois ar siúl ag an am céanna in Ionad an Bhlascaoid. Maidin scéalaíochta a bheidh ann leis an iriseoir Seán Mac an tSíthigh agus é ag léamh óna leabhar nua An Bodach a foilsíodh níos túisce i mbliana.

Beidh ceardlann do dhéagóirí ar siúl in Ionad an Bhlascaoid níos déanaí ar an Satharn. Ceardlann sa scríbhneoireacht chruthaitheach as Gaeilge do dhéagóirí leis an ndrámadóir agus file Róisín Sheehy. Sa cheardlann idirghníomhach seo tabharfaidh Róisín leideanna agus moltaí do na rannpháirtithe maidir le conas leas a bhaint as na céadfaí agus as an tsamhlaíocht. Úsáidfidh sí téacs samplach agus dán chun forbairt carachtar agus scéil a phlé trína bheith gníomhach agus spreagtha ag a bhfuil timpeall ort. Tabharfaidh sí treoir do na rannpháirtithe maidir le conas gnéithe pearsanta a nascadh leis an tsamhlaíocht. Caithfear roinnt den lá lasmuigh agus dá bhrí sin bí ullamh don aimsir! Ceardlann spleodrach thaitneamhach a bheidh ann do scríbhneoirí óga ár linne. Ag deireadh na ceardlainne beidh dán, piosa próis nó creatlach dráma ag rannpháirtithe. Deis iontach atá sa cheardlann seo do dhéagóirí dul i mbun pinn agus is fiú go mór é a thapú, is féidir áit a chur in áirithint ar shuíomh dinglelit.ie.

Ansin ar an nDomhach, beidh an ócáid Béaloideas na n-óg ar siúl sa Díseart ag tosnú ar 12. Ócáid atá anseo atá bunaithe ar bhailiúchán na scol a deineadh sna 1930dí agus déantar ceiliúradh ar scríbhneoireacht ógánaigh na háite. Is é Scoil Naomh Eoin Baiste, Lios Póil a bheidh páirteach sa togra seo i mbliana faoi stiúir Mharie Uí Ghrifín. Tá an fhéile go mór faoi chomaoin ag múinteoirí na scoile, na tuismitheoirí agus go háirithe na daltaí iontacha atá páirteach sa togra seo. Beidh saothar na ndaltaí le feiscint ag an ócáid seo agus beidh deis againn cuid de na scríbhneoirí óga a chlos ag léamh a bpíosaí. Is fiú go mór freastal ar an ócáid eisceachtúil seo ina ndéanfar ceiliúradh ar phobal, scríbhneoireacht agus thar aon rud eile cruthaitheacht agus tallann na n-ógánach.